Rialacha iompraíochta iomchuí
Rinne Parlaimint na hEorpa sainmhíniú ar rialacha iompraíochta iomchuí d'Fheisirí agus don fhoireann maidir le trédhearcacht agus eitic. Faigh tuilleadh eolais.
Ciapadh agus idirdhealú a chosc
Staonfaidh na Feisirí d’aon chineál ciaptha síceolaí nó gnéis agus urramóidh siad an Cód Iompair Iomchuí d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid dualgas (féach Riail 10 (6) de na Rialacha Nós Imeachta).
Féachann an Cód Iompair Iomchuí d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa lena áirithiú go gcaitheann feisirí le gach duine a oibríonn i bParlaimint na hEorpa le dínit, cúirtéis agus urraim agus gan réamhchlaonadh ná idirdhealú.
Agus an méid sin á dhéanamh acu, bítear ag súil leis go ndéanann na Feisirí iad féin a iompar ar bhealach proifisiúnta agus go staonann siad, ina gcaidreamh leis an bhfoireann, ó ísliú, maslú nó teanga idirdhealaitheach nó aon ghníomhaíochtaí eile atá mí-eiticiúil, dímheasúil nó neamhdhleathach.
Tá an Cód Iompair Iomchuí i gceangal le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte (Iarscríbhinn II).
Ar dhul i mbun oifig leis an bParlaimint, ceanglaítear ar gach feisire dearbhú a shíniú ag deimhniú a thiomantais nó a tiomantais chun an Cód a chomhlíonadh.
Ní fhéadfar Feisirí nár shínigh an dearbhú sin a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte nó dá cuid comhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir ná ní fhéadfaidh siad a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach. Foilseofar gach dearbhú, bíodh sé sínithe nó ná bíodh, ar leathanaigh phróifíle na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte. Ós rud é nach féidir sínithe na bhFeisirí a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin, ciallaíonn dáta a bheith ar dhearbhú gur síníodh é an lá sin.
Coinbhleachtaí leasa a shainiú agus dul i ngleic leo
Leagtar amach mar threoirphrionsabail sa Chód Iompair d’Fheisirí maidir le macántacht agus trédhearcacht, go ngníomhóidh Feisirí ar son leas an phobail, agus leas an phobail amháin, agus go seolfaidh siad a gcuid oibre le neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas, cuntasacht agus meas ar dhínit agus ar chlú Pharlaimint na hEorpa.
Sainítear sa Chód Iompair coinbhleachtaí leasa agus an bealach ar cheart do na Feisirí dul i ngleic leo, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar Fheisirí dearbhú mionsonraithe maidir lena leasanna príobháideacha, dearbhú sócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, dearbhú maidir le feasacht ar choinbhleachtaí leasa a thíolacadh agus a láithreacht ag imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe a dhearbhú, chomh maith le haon bhronntanais a fhaightear i gcáil oifigiúil ag a bhfuil garluach ar mó é ná EUR 150.
Anuas air sin, cuireann an Cód Iompair oibleagáid ar Fheisirí a gcruinnithe sceidealaithe ar fad le hionadaithe sainleasa a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta agus le hionadaithe údarás poiblí de chuid tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a fhoilsiú, agus nuair a dhéantar na cruinnithe sin a tharmligean chuig a gcúntóirí.
Féadfaidh an tUachtarán pionós a ghearradh ar aon fheisire a fhaightear a bheith ag sárú an Chóid Iompair. Déanann an tUachtarán an pionós sin a fhógairt le linn suí iomlánach agus foilsítear é ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
Tuilleadh faisnéise: Rialacha Nós Imeachta: Riail 11 - Rialacha iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht
Iompar eitice na foirne
Ní mór do státseirbhísigh Eorpacha cloí le tacar rialacha i gcomhlíonadh a ndualgas gairmiúil, le linn dóibh a bheith san oifig agus tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil. Leagtar na rialacha sin amach sna rialacháin foirne, sa Chód Iompair a ghlac Biúró Pharlaimint na hEorpa, agus ceanglaítear fúthu go mbeadh an fhoireann go léir neamhspleách, faichilleach, discréideach agus dílis.
Tá na hoibleagáidí ginearálta sin ann chun coimirciú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar chlú AE agus a fhoirne, agus bíonn siad i bhfeidhm le linn fheidhmiú dhualgais na foirne agus lasmuigh den obair chomh maith.
Ciallaíonn sé sin, i ndáil le leas ar bith i ngnó nó eagraíocht ar bith a d’fhéadfadh urraim na n-oibleagáidí sin a chur i mbaol, nach mór é a dhearbhú ar bhonn láithreach. Ní mór gníomhaíochtaí seachtracha, íoctha nó neamhíoctha, a chumhdaítear leis na rialacha sin a fhormheas roimh ré.
Níl cead ag foireann na Parlaimint glacadh le bronntanais nó garanna ó thríú páirtithe gan cead a fháil roimh ré, ach amháin má tá luach an bhronntanais níos lú ná €100 nó níos lú ná €300 thar thréimhse bliana.
Ar deireadh, nuair a fhágann ball foirne, ní mór dó nó di an Pharlaimint a chur ar an eolas má sé beartaithe aige nó aici dul i mbun aon chineál gníomhaíochta íoctha nó neamhíoctha.
Maidir le hiompar iomchuí le grúpaí stocaireachta, tabhair cuairt ar ár leathanach maidir le trédhearcacht agus grúpaí stocaireachta.