An tOmbudsman Eorpach 

Sa chás nach bhfuiltear sásta leis an gcaoi ar chaith institiúidí AE leat, d’fhéadfadh go mbeadh an tOmbudsman Eorpach ábalta cuidiú leat.

Cuireann an tOmbudsman dea-chleachtais riaracháin chun cinn agus déanann sé nó sí imscrúdú ar ghearáin saoránaigh maidir le gníomhaíochtaí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an AE, an Coimisiún Eorpach, agus gníomhaireachtaí uile AE ina measc.

Is mar gheall ar ghearáin is iondúil leis an Ombudsman fiosrúchán a dhéanamh ach is féidir leis nó léi fiosrúcháin a sheoladh freisin dá t(h)ionscnamh féin chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar fhadhbanna córasacha laistigh de na hinstitiúidí.

Toghtar an tOmbudsman ar shainordú cúig bliana agus is féidir athnuachan a dhéanamh ar an gconradh sin. Lonnaítear oifigí an Ombudsman in Strasbourg.
Thogh Parlaimint na hEorpa Teresa Anjinho ina hOmbudsman Eorpach i mí na Nollag 2024.

Contact: