Trédhearcacht agus eitic
Cuireann trédhearcacht i gcóras daonlathach ar chumas daoine páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta ar bhealach níos éasca. Ní féidir leis na hinstitiúidí níos mó dlisteanachta ná éifeachtachta a bheith acu ach a fhad agus a bheidh siad cuntasach go hiomlán do shaoránaigh.
Ós institiúid í a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh AE uile, tá Parlaimint na hEorpa tar éis raon leathan bearta trédhearcachta a chur i bhfeidhm cheana féin agus tá sí tiomanta do níos mó dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin.
I gcomhréir le tiomantas na Parlaiminte don trédhearcacht, is é is aidhm do na huirlisí trédhearcachta go léir a ndéantar cur síos orthu ar an leathanach seo ná grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí na Parlaimint a éascú do dhaoine, go háirithe ar a cuid oibre reachtaí.

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid
Tá cearta rochtana ar dhoiciméid na Parlaiminte ag daoine, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Cosaint sonraí pearsanta
Is ceart bunúsach faoi dhlí an Aontais é cosaint sonraí. Mar Pharlaimint na hEorpa, seasaimid leis an gceart sin laistigh dár nInstitiúid, inár n-oibríochtaí inmheánacha agus sna seirbhísí a chuirimid ar fáil duitse, na saoránaigh.

Grúpaí stocaireachta agus an trédhearcacht
Tá saoránaigh na hEorpa i dteideal gníomhaíochtaí na n-institiúidí a leanúint go dlúth agus a fhíorú go bhfuil gníomhaíochtaí stocaireachta cothrom agus cóir.

Rialacha iompraíochta iomchuí
Is féidir le daoine a bheith ag súil leis na caighdeáin iompraíochta agus éifeachtúlachta is airde, i gcomhréir le prionsabail an dea-rialacháin agus an dea-rialachais.

Liúntas caiteachais ghinearálta
Is féidir leis na Feisirí faisnéis a fhoilsiú ar an mbealach a gcaitheann siad an liúntas caiteachais ghinearálta.
D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.
(Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)