Schengen: na dúshláin atá roimh an limistéar neamhtheorann
Is iomaí dúshlán a bhí roimh limistéar saor ó phas an Aontais Eorpaigh le blianta beaga anuas. Cuir tuilleadh eolais ar na dúshláin seo agus ar chur chun cinn na saorghluaiseachta in AE.
Tá rialuithe ag teorainneacha curtha i bhfeidhm arís ag tíortha éagsúla san Aontas mar fhreagairt ar ionsuithe sceimhlitheoireachta nó ar shreabha imirce. Thug paindéim COVID-19 in 2020 spreagadh sa bhreis do thíortha rialuithe a thabhairt ar ais isteach ag teorainneacha chun bac a chur ar scaipeadh an víris.
Ceadaíonn rialacha Schengen na cineálacha sin srianta ag teorainneacha inmheánacha amháin, nuair is mar bhearta sealadacha agus eisceachtúla atá siad ag feidhmiú.
Cén méid a chosnaíonn rialuithe ag teorainneacha agus cé orthu a bhíonn tionchar?
Cuireann na rialuithe seo isteach ar shaorshreabhadh daoine, earraí agus seirbhísí ar fud an Aontais. Bíonn tionchar acu ar chomaitéirí den chuid is mó (trasnaíonn 1.7 milliún duine an teorainn gach aon lá chun freastal ar an obair i dtír eile de chuid AE), chomh maith le turasóirí agus cuideachtaí iompair. Ina theannta sin, bíonn costais riaracháin agus bonneagair i gceist don earnáil phoiblí.
Meastar go gcosnaíonn rialuithe ag teorainneacha thart ar €25-50 billiún i gcostais aon uaire thar thréimhse dhá bhliain agus €2 billiún i gcostais oibriúcháin bhliantúla.
Ag neartú limistéar Schengen
Tá roinnt bearta tugtha isteach ag an Aontas Eorpach chun sláine limistéar Schengen a neartú:
- Seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha AE ar gach éinne ag teacht isteach san Aontas - lena n-áirítear saoránaigh AE - a tháinig i bhfeidhm i mí Aibreán 2017
- Córas nua dul isteach/imeachta chun gluaiseacht saoránaigh neamh-AE trasna limistéar Schengen a thaifeadadh agus chun srianta a bhrostú
- Seiceálacha neartaithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais le cur i bhfeidhm an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach
- Tuilleadh cumhachtaí do Europol, údarás póilíneachta AE, chun tabhairt faoin sceimhlitheoireacht.
Athbhunú Schengen
Mhol an Coimisiún Eorpach uasdátú a dhéanamh ar na rialacha maidir le limistéar Schengen i mí na Nollag 2021. Ní theastaíonn ón institiúid go gcuirfear rialuithe teorann inmheánaí i bhfeidhm ach amháin mar bheart in am an éigin, agus ba mhaith leis an gCoimisiún úsáid modhanna eile a chur chun cinn, amhail seiceálacha póilíneachta spriocdhírithe agus comhoibriú níos fearr i measc na bpóilíní.
Tá feisirí curtha go tréan in éadan srianta a thabhairt ar ais a chuireann bac ar shaorghluaiseacht daoine ar fud an Aontais.
D'fhormheas an Pharlaimint uasdátú ar rialacha Schengen i mí Aibreán 2024, ag leagadh amach srianta ama dochta ar rialuithe teorann inmheánaí. Thug an Chomhairle a cuid tacaíochta do na rialacha seo i mí na Bealtaine 2024.
An 10 Samhain 2022, vótáil an Pharlaimint i bhfabhar theacht isteach na Cróite i limistéar saorghluaiseachta Schengen roimh dheireadh 2022. Ghlac an Chróit ballraíocht i limistéar Schengen an 1 Eanáir 2023.
Ina theannta sin, an 30 Nollaig 2023, d'aontaigh tíortha AE d'aon toil na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha aeir agus muirí na Bulgáire agus na Rómáine a bhaint an 31 Márta 2024. Cuireadh deireadh le srianta ag teorainneacha talún an 1 Eanáir 2025.
Limistéar Schengen in uimhreacha
- 29: ballstáit Schengen
- 4: ballstáit Schengen neamh-AE (an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin)
- 2: ballstáit AE nach ballstáit den limistéar Schengen iad (an Chipir agus Éire)
- Níos mó ná 4 mhilliún: limistéar Schengen i gciliméadair chearnacha
Tuilleadh maidir le Schengen agus imirce
Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair i mí na Bealtaine 2018 agus rinneadh an nuashonrú is deireanaí air i mí Eanáir 2025