Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2025
EPUB 163kPDF 764k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5 : CÓRAM, LEASUITHE AGUS VÓTÁIL

Riail 194 : Vótáil (1)

1.   Mar riail ghinearálta, vótálfaidh an Pharlaimint le taispeáint lámh.

Féadfaidh an tUachtarán, aon tráth, a chinneadh, áfach, go ndéanfar na hoibríochtaí vótála a chur i gcrích tríd an gcóras vótála leictreonach.

2.   Dearbhóidh an tUachtarán vótálacha a bheith oscailte nó críochnaithe.

A luaithe a dhearbhóidh an tUachtarán go bhfuil vótáil arna hoscailt, ní bheidh cead ag aon duine seachas an tUachtarán labhairt go dtí go ndearbhaítear go bhfuil an vótáil arna críochnú.

3.   Le linn an ríomh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil glactha le téacs nó ar diúltaíodh dó, ní chuirfear san áireamh ach na vótaí a caitheadh i bhfabhar an téacs agus na vótaí a caitheadh ina choinne, ach i gcás ina bhfuil tromlach sonrach leagtha síos sna Conarthaí.

4.   Má chinneann an tUachtarán go bhfuil amhras ann faoi thoradh vótála le taispeáint lámh, déanfar vótáil eile trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach agus, mura bhfuil an córas sin ag feidhmiú, trí shuí agus seasamh.

5.   Suífidh an tUachtarán toradh na vótála agus fógróidh an tUachtarán é.

6.   Déanfar toradh na vótála a thaifeadadh.

(1) Tá feidhm ag Riail 194 mutatis mutandis maidir le coistí (féach Riail 225).
An nuashonrú is déanaí: 26 Meitheamh 2025Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais