Tá na mílte blianta den stair ag baint leis an Eoraip, tá oidhreacht shaibhir chultúrtha aici, mar aon le radharc tíre a bhainfeadh an anáil díot, agus is anseo atá cuid de na háiteanna saoire is mó a bhfuil tóir orthu ar domhan.
Tagann na milliúin ón gcoigríoch ar cuairt go dtí an Eoraip, ach chomh maith leis sin, is breá le muintir na hEorpa féin cuairt a thabhairt ar na cathracha agus ar na tíortha atá ar leac an dorais acu.
Tá sé chomh furasta céanna do mhuintir na hEorpa taisteal timpeall an Aontais agus atá sé taisteal laistigh dá dtír féin. Tá sé i bhfad níos éasca taisteal anois ó tharla go bhfuil deireadh curtha le formhór na seiceálacha a bhain le pasanna agus go bhfuil an t-aon airgeadra amháin – an euro – in úsáid i bhfiche tír den Aontas. Tagann saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus airgid leis an margadh aonair, agus tá rogha níos leithne agus praghsanna níos ísle ar fáil ó cuireadh an margadh aonair sin ar bun.
Tá níos mó agus níos mó Eorpaigh óga ag cur aithne níos fearr ar a mór-roinn féin a bhuí leis an bpas taistil DiscoverEU.
Cad é atá nua i mbliana?
Tá limistéar Schengen ag fás — arís! An 31 Márta tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach sa chrios saorthaistil gan phas is mó ar domhan. Ar dtús, ciallaíonn sé seo go bhfuil deireadh curtha le seiceálacha ar dhaoine a thaistealaíonn idir an dá thír sin agus tíortha eile i limistéar Schengen, ach beidh rialuithe ann ag na teorainneacha talún inmheánacha go fóill go ceann tamall eile.
Má tá cuairt á tabhairt agat ar an Ostair, an Eastóin nó an Iorua, ná déan dearmad féachaint ar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa i mbliana. Nó, má tá sé i gceist agat taisteal go hÉirinn nó chuig an Iodáil, féach freisin Príomhchathair na hEorpa agus Ceannródaí Glas na Turasóireachta Cliste.
Cibé áit a bhfuil tú ag taisteal san Eoraip, coinnigh slán agus bíodh spraoi agat!