Laiminíteas capaill
Cuma
Cineál | horse disease (en) agus galar bólachta |
---|
Athlasadh na struchtúr inmheánach i gcrúb an chapaill a chuireann tús le pian dhian. Bíonn céimeanna éagsúla déine ag an riocht, ag brath ar mhéid na neamhord imshruthaithe is/nó cnámh is bun leis. Tarlaíonn sé de ghnáth mar thoradh ar ghortú, ró-ithe, rómheáchan, strus, agus droch-chúram na gcrúb. Uaireanta, tarlaíonn sé de bharr tocsaeime nó galair phiotútaigh. Is gá cúram tréidliachta ar an riocht seo, chomh maith le crúite nua. Tarlaíonn sé d'ainmhithe eile le crúba freisin, agus is mór an galar é ó thaobh na heacnamaíochta de chomh maith le ó thaobh leas na n-ainmhithe.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Laiminíteas capaill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 392.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |