Jump to content

Gleann na Claise Móire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachGleann na Claise Móire
Íomhá
CineálScoiltghleann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnan Afraic Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga Cuir in eagar ar Wikidata Map
 0° 06′ S, 36° 06′ E / 0.1°S,36.1°E / -0.1; 36.1
Codanna
Tréithe
Toisí4,830 (fad) km
Trasnaíonnan Eiritré, an Aetóip, Djibouti, an tSúdáin Theas, an Chéinia, Uganda, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an Bhurúin, an Tansáin, an Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc, an tSaimbia agus an tSiombáib Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach
Mount Elgon (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg
Aitheantóir6734
Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar Gleann na Claise Móire[1] ar an trinse leanúnach geografach, thart ar 7,000 ciliméadair ar fad, a ritheann ó Ghleann Beqaa sa Liobáin, sa Mheánoirthear go dtí Mósaimbíc, sa taobh thoir theas den Aifric.[2]  Tugtar ‘cliabhán na sibhialtachta’ air.[3]

Baintear úsáid áirithe as an ainm i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann meastar go bhfuil sé neamhchruinn ó thaobh na geolaíochta de, nó ní thugann sé aitheantas do na córais difriúla atá i gceist, gaolmhar is uile mar atá siad, mar shampla na córais scoilteanna agus córais na n-éasc.

Sa lá atá inniu ann, is minic a bhaintear úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh do Chlais na hAfraice Thoir, teorainn plátaí dibhéirseacha a shíneann ó Chumar triarach na nAfarach ó dheas ar fud oirthear na hAfraice, agus é i mbun an phróisis scoilte Phláta na hAfraice ina dhá phláta nua ar leithligh. Tugann na geolaithe go ginearálta an Pláta Núibiach agus an Pláta Somálach ar na plátaí i mbéal forbartha.

Íomhá satailíte de scoiltghleann (Gearmánais: graben) san Logán Afarach

Fairsinge theoiriciúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léaráid faoina bhfuil i ndán d' éabhlóid scoiltghleann chuig muir

I dtosach báire, glacadh leis gur shroich Gleann na Claise Móire ón Liobáin sa tuaisceart, go dtí Mósaimbíc sa deisceart, áit a raibh sé coibhéiseach le cheann den dá phroibhinse fhiseagrafach de chuid shléibhte na hAfraice Thoir.

Chuimsigh sé an ceantar ar a dtugaimid inniu Claochlúchán na Mara Mairbhe sa Liobáin, Scoilt na hIordáine, Scoilt na Mara Rua agus Scoilt na hAfraice Thoir.[4]

Sa lá atá inniu ann glactar leis gur gnéithe ar leithligh iad na scoilteanna seo, cé go bhfuil siad bainteach lena chéile. Cruthaíodh iad 35 milliún bliain ó shin.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Great Rift Valley
  2. Merriam-Webster, Inc 편집부 (1997). "MERRIAM WEBSTER'S GEOGRAPHICAL DICTIONARY 3/E(H)": 444. Merriam-Webster. Dáta rochtana: 22 November 2012. 
  3. Mark Moran (2024-08-05). "Seal sa Tansáin i measc na séabraí" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-06.
  4. "Ethiopia: the Bradt travel guide" (15 July 2009): 450. Bradt Travel Guides. Dáta rochtana: 22 November 2012.