Antasubstaint mhonaclónach
Cuma
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Grúpa cógaseolaíochta | monospecific antibody (en) |
Antasubstaint íon a tháirgtear i dtoirt trí mheáin shaorga inniu. Baintear feidhm as a leithéid i gcóireáil galar ar leith (mar shampla, ailsí ar leith) agus taighde eolaíoch. Táirgtear í trí ainmhí a imdhíonú le hantaigin ar leith. Cruthaíonn limficítí an ainmhí antasubstaintí i gcoinne na hantaigine sin, agus táthaítear iad le cealla mialóma (siada B-limficíte) chun cealla hibrideacha a tháirgeadh. Iolraíonn na cealla seo go tapa agus táirgeann méid mór antashubstainte.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Antasubstaint mhonaclónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 42.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |