Acorus calamus
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | Calamus Oil (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 168639 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Acorales |
Fine | Acoraceae |
Géineas | Acorus |
Speiceas | Acorus calamus L., 1753 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Planda ard bogach is ea Acorus calamus (ar a dtugtar freisin an feileastram cumhra[1] nó calamus). Is monacotailéadón é den fhine Acoraceae, sa ghéineas Acorus.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luibh ilbhliantúil, 30 agus 100 cm ar airde is ea an feileastram cumhra. San ghnáthóg tá an luibh cosúil leis an inteachán. Tá sé comhdhéanta de thoim bhundhuilleogach a ardaíonn ó riosóm reatha. Bíonn na duilleoga ceartseasmhach, glasbhuí, radacach, le cumhdach bándearg a mboinn claíomh-chruthach, go réidh agus caol, ag barrchaolú isteach go dtí géarphointe fada, agus le féitheacha comhthreomhara. Bíonn imill réidh ar na duilleoga, agus is féidir iad a bheith corrach nó rocach. Is féidir an feileastram a idirdhealú go héasca ón Inteachán, agus ó phlandaí den chineál céanna, toisc go mbíonn imill neamhghnách rocach ag a chuid duilleog, toisc an boladh cumhra a astaíonn uaidh nuair a bhrúitear é, agus a spáide, an saghas bláthra speisialta a bhíonn aige.
Nótaí agus tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Acorus calamus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.