
Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim an Aontais Eorpaigh chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus chun tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Agus buiséad ag CSE+ ina bhfuil €142.7 billiún don tréimhse 2021-2027, leanfaidh sé de rannchuidiú tábhachtach a thabhairt do bheartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna an Aontais, athchóirithe struchtúracha sna réimsí sin ina measc.