Maoin intleachtúil
Conas do ghnólacht a chosaint
Má tá maoin intleachtúil ag do ghnólacht, ní mór fios a bheith agat conas í a bhainistiú
agus a chosaint chun do nuálaíochtaí, do dhearaí nó do smaointe cruthaitheacha a chosaint.
Léigh faoi na buntáistí a bhaineann le do mhaoin intleachtúil a chosaint agus na cineálacha cosanta atá ar fáil, agus foghlaim faoin nós imeachta/faoi
na nósanna imeachta ábhartha atá le leanúint chun déanamh amhlaidh.
Cén áit le tosú?
Tá feidhm ag rialacha éagsúla ag brath ar an gcineál maoine intleachtúla atá i gceist,
agus is leis na rialacha sin a chinntear raon feidhme agus fad na cosanta.
Le paitinní, cinntítear nach féidir le daoine eile do tháirge paitinnithe a dhéanamh, a úsáid
ná a dhíol, gan cead a fháil uait. Cosnaíonn trádmharcanna céannacht branda. Féach leat conas do thrádmharcanna féin a chlárú agus na rialacha
an Aontais a bhfuil feidhm acu ina leith. Le haghaidh saothar bunaidh liteartha, eolaíochta
agus ealaíne, le cóipcheart is féidir leat cearta atáirgthe agus dáileacháin a rialú. Tugann rúin trádála cosaint ríthábhachtach d’eolas rúnda gnó, agus clúdaíonn cosaint dearaidh na gnéithe amhairc de tháirge go sonrach. Cumhdaítear le maoin intleachtúil freisin
uirlisí digiteacha amhail fearainn suíomhanna gréasáin agus cosaint bunachar sonraí. Má tá tionscnamh geografach ar leith ag do tháirge, is féidir é a chosaint le tásc geografach.
Más mian leat do mhaoin intleachtúil a thráchtálú, léigh ár dtreoir maidir le maoin intleachtúil a cheadúnú agus a dhíol. Déan a sheiceáil conas do chearta a éileamh i gcás sárú ar cheart maoine intleachtúla.