Athruithe ar chonarthaí foirne

Mar fhostóir, ní mór duit d'fhostaithe a chur ar an eolas i scríbhinn faoi aon athrú ar a dtéarmaí fostaíochta. Ní mór é sin a dhéanamh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an lá a thiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm. Más leasú ar an dlí nó ar fhorálacha riaracháin is cúis leis an athrú, ní gá duit modhnú i scríbhinn a dhéanamh ar an gconradh bunaidh.

Más gá do d'fhostaithe oibriú ar feadh níos mó ná mí amháin i dtír eile, cásanna postála thar lear san áireamh, ní mór duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil dóibh roimh ré:

  • fad a bhfostaíochta thar lear
  • an t-airgeadra a úsáidfear chun a dtuarastal a íoc
  • liúntais a d'fhéadfaidís a bheith i dteideal a fháil le linn dóibh a bheith thar lear
  • coinníollacha maidir lena bhfilleadh

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 15/03/2025
Share this page