Úsáid comharthaí athfhriotail chun "frása beacht" a chuardach. Cuir réiltín (*) le téarma chun leaganacha éagsúla den téarma a aimsiú (iompa*, 32019R*). Úsáid comhartha ceiste (?) in ionad carachtar aonair sa téarma atá á chuardach agat chun teacht ar leaganacha éagsúla den téarma (aimsíonn ?ás cás, bás agus fás).
Is é atá i gceist le JURE ná dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.
Sa rannán seo tá breithiúnais ábhartha maidir le comhar breithiúnach leanúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a thug na cúirteanna seo a leanas:
cúirteanna i stáit chonarthacha Choinbhinsiún Lugano (Ballstáit an Aontais, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis), agus
*an Ríocht Aontaithe ina measc, go dtí deireadh na hidirthréimhse ar an 31.12.2020, dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt
Siar.
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Tá breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta ar fáil ina mbunteangacha amháin, ach:
d’fhéadfadh achoimre i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis a bheith ag gabháil le cuid acu freisin (má chuireann an tír atá i gceist ceann ar fáil).
tá uirlis aistriúcháin uathoibríoch ar fáil lenar féidir breithiúnais agus achoimrí ar bhreithiúnais a aistriú go gach teanga
oifigiúil den Aontas Eorpach.
Conas cuardach a dhéanamh sa rannán seo
Ar an taobh clé den leathanach seo, féadfaidh tú rochtain a fháil ar uirlisí cuardaigh.
Faoi Chásdlí JURE a chuardach déanfar thú a atreorú chuig cuardach casta ina bhfuil an iliomad roghanna cuardaigh. Ní dhéanfar cuardaigh ach laistigh de
réimse cuardaigh an rannáin ‘Cásdlí JURE’.
Leis an gcuardach dar teideal Na foilseacháin is déanaí gheobhaidh tú rochtain ar gach doiciméad a foilsíodh sa rannán seo le 14 lá anuas.
San airteagal sin ceanglaíodh ar an gCoimisiún Eorpach córas a bhunú a bheadh inrochtana ag an bpobal, ina mbeadh breithiúnais
ábhartha a tugadh faoin gCoinbhinsiún sin agus faoi ionstraimí eile a bhfuil tionchar acu ar a chur chun feidhme.
Leathnaíodh an bailiúchán i gcaitheamh na mblianta agus anois tá breithiúnais ann a tugadh fúthu seo a leanas:
Rialachán nua na Bruiséile II – athmhúnlú – ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora as leanaí an dá chéile, agus le fuadach idirnáisiúnta
leanaí (2019).