Príomhghníomhaíocht 1: Soghluaisteacht Foghlama Daoine Aonair
Leis na Gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin bPríomhghníomhaíocht seo meastar go mbeidh tionchar dearfach fadmharthanach acu ar na rannpháirtithe agus ar na heagraíochtaí rannpháirteacha atá i gceist, agus ar na córais beartais ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin ceaptha freisin.
A mhéid a bhaineann le daltaí, mic léinn, oiliúnaithe, printísigh, foghlaimeoir fásta agus daoine óga, is é is aidhm do na gníomhaíochtaí soghluaisteachta dá dtugtar tacaíocht faoin bPríomhghníomhaíocht seo ceann amháin nó níos mó de na torthaí seo a leanas a bhaint amach:
- feidhmíocht foghlama fheabhsaithe
- infhostaitheacht fheabhsaithe agus ionchais gairme fheabhsaithe
- ciall tionscnaíochta agus fiontraíochta mhéadaithe
- féinchumhachtú agus féinmheas méadaithe
- inniúlachtaí teanga iasachta agus digiteacha feabhsaithe
- feasacht idirchultúrtha fheabhsaithe
- rannpháirtíocht níos gníomhaí sa tsochaí
- idirghabháil dhearfach níos fearr le daoine ó chúlraí difriúla
- feasacht níos mó ar an tionscadal Eorpach agus ar luachanna an Aontais
- breis spreagtha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oideachais nó oiliúna (foirmiúla/neamhfhoirmiúla) amach anseo i ndiaidh na tréimhse soghluaisteachta ar an gcoigríoch.
A mhéid a bhaineann le baill foirne, le hoibrithe óige agus le gairmithe ag a bhfuil baint leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an óige, meastar go dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na torthaí seo a leanas as na gníomhaíochtaí soghluaisteachta:
- inniúlachtaí feabhsaithe, nasctha lena bpróifílí gairme (an teagasc, an oiliúint, obair óige, srl.)
- tuiscint níos leithne ar chleachtais, ar bheartais agus ar chórais san oideachas, san oiliúint nó in obair óige ar fud tíortha
- cumas níos mó athruithe a spreagadh ó thaobh nuachóiriú agus oscailt idirnáisiúnta de laistigh dá n‑eagraíochtaí oideachais
- tuiscint níos fearr ar idirnaisc idir an t‑oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, an ghairmoiliúint agus an margadh saothair faoi seach
- go mbeidh cáilíocht a n‑oibre níos fearr agus go mbeidh a ngníomhaíochtaí i bhfabhar mac léinn, oiliúnaithe, printíseach, daltaí, foghlaimeoirí fásta agus daoine óga
- tuiscint agus freagrúlacht níos fearr ar gach cineál éagsúlachta, mar shampla éagsúlacht shóisialta, eitneach, teanga, inscne agus chultúrtha chomh maith le cumais éagsúla
- cumas níos fearr aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine ar lú na deiseanna atá acu
- tacaíocht níos mó do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí agus go gcuirfear chun cinn níos mó iad
- deiseanna níos mó ar mhaithe le forbairt ghairmiúil agus gairme
- inniúlachtaí teanga iasachta agus digiteacha feabhsaithe
- go mbeidh siad níos spreagtha agus sásta ina n‑obair laethúil.
Maidir le heagraíochtaí rannpháirteacha meastar go dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na torthaí seo a leanas as gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin nGníomhaíocht seo:
- Inniúlacht mhéadaithe oibriú ar leibhéal an Aontais/ar an leibhéal idirnáisiúnta: scileanna bainistíochta agus straitéisí idirnáisiúnaithe feabhsaithe; comhar treisithe le comhpháirtithe ó thíortha eile; breis acmhainní airgeadais a leithdháileadh (seachas cistí ón Aontas) chun tionscadail ón Aontas/tionscadail idirnáisiúnta a eagrú; breis cáilíochta le linn tionscadail ón Aontas/idirnáisiúnta a ullmhú agus a chur chun feidhme agus le linn monatóireacht agus obair leantach a dhéanamh orthu;
- Bealach nuálach agus feabhsaithe chun feidhmiú i leith a spriocghrúpaí, tríd an méid seo a leanas a sholáthar mar shampla: cláir atá níos tarraingtí do mhic léinn, d’oiliúnaithe, do phrintísigh, agus do dhaoine óga i gcomhréir lena riachtanais agus lena n‑ionchais; cáilíochtaí feabhsaithe na mball foirne teagaisc agus oiliúna; próisis fheabhsaithe chun inniúlachtaí a fuarthas le linn tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch a aithint agus a bhailíochtú; breis gníomhaíochtaí éifeachtacha a théann chun tairbhe do phobail áitiúla, modhanna agus cleachtais fheabhsaithe maidir le hobair óige chun páirt ghníomhach a thabhairt do dhaoine óga agus/nó chun aghaidh a thabhairt ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, srl.;
- Timpeallacht atá níos nua‑aimseartha, dinimiciúla, tiomanta agus gairmiúla laistigh den eagraíocht: réidh chun dea‑chleachtais agus modhanna nua a lánpháirtiú sna gníomhaíochtaí laethúla; i bhfabhar sineirgí le heagraíochtaí atá gníomhach i réimsí sóisialta, oideachasúla agus fostaíochta éagsúla; forbairt ghairmiúil a mball foirne a phleanáil go straitéiseach i ndáil le riachtanais aonair agus cuspóirí eagraíochtúla; cumarsáid a choinneáil ar bun, aistriú eolais agus for‑rochtain feabhsuithe, más ábhartha, beidh siad in ann mic léinn agus baill foirne acadúla den scoth a mhealladh ó gach cearn den domhan.
Sa deireadh, maidir le héifeacht chomhcheangailte na scórtha mílte tionscadal a dtacaítear leo faoin bPríomhghníomhaíocht seo, tá coinne leis go mbeidh tionchar aige sin ar na córais oideachais, oiliúna agus óige sna tíortha rannpháirteacha, agus athchóirithe beartais á spreagadh ar an mbealach sin agus acmhainní nua á mealladh le haghaidh deiseanna soghluaisteachta san Eoraip agus níos faide i gcéin.
Maidir leis sin, in 2025 leanfar den Chlár a chur i bhfeidhm chun iarmhairtí socheacnamaíocha agus iarmhairtí ar an oideachas de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin a mhaolú trí thacú le tionscadail soghluaisteachta trína n‑éascaítear lánpháirtiú na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.