Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
1 of 1
An Comhaontú Glas don Eoraip

Ár ndícheall a dhéanamh a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach

Ghlac an Coimisiún sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais faoin gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích.

Féach amharcscéal an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip

Príomhphointí

Príomhfhigiúirí

An chéad mhór-roinn le bheith aeráidneodrach
faoi 2050
Laghdú 55% ar a laghad
ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990
3 bhilliún
crann breise le cur san Aontas faoi 2030

An méid atá ar bun againn faoi láthair

Drought - Spain

A bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050

a couple looking at energy bills

Aistriú fuinnimh glan éifeachtúil

Vegetables

Córas bia sláintiúil do dhaoine agus don phláinéad

The use of Wi-Fi and roaming in train and metro stations, and in public spaces

Iompar éifeachtúil sábháilte a sholáthar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

an employee working on a solar panel

Straitéis thionsclaíoch le haghaidh Eoraip atá iomaíoch glas digiteach

drawing representing people, trees and a house

Tionscnamh cruthaitheach idirdhisciplíneach lena nasctar an Comhaontú Glas don Eoraip lenár spásanna maireachtála agus lenár n-eispéiris

Amlíne

  1. 18 Lúnasa 2024

    Teacht i bhfeidhm an Dlí um Athbhunú an Dúlra

  2. 30 Iúil 2024
  3. 28 Meitheamh 2024
  4. 17 Meitheamh 2024

    Ghlac an Chomhaire an Dlí um Athbhunú an Dúlra

  5. 13 Meitheamh 2024

    Glacadh rialachán nua lena gcinntítear nascacht níos fearr agus inbhuanaithe san Eoraip

  6. 30 Bealtaine 2024
  7. 28 Bealtaine 2024
  8. 27 Bealtaine 2024

    Glacadh an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus Rialachán an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an fhuinnimh

  9. 21 Bealtaine 2024

    Ghlac an Chomhairle an t-athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus an pacáiste gás dícharbónaithe agus hidrigine

  10. 12 Aibreán 2024
  11. 10 Aibreán 2024

    Rinne an Coimisiún breithniú ar shraith seisiún Idirphlé maidir leis an Aistriú i dtreo Fuinneamh Glan ina ndírítear ar an Eoraip a iompú ina geilleagar atá glan, tíosach ar acmhainní, cothrom agus iomaíoch

  12. 15 Márta 2024

    Mhol an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta chun tacú le feirmeoirí an Aontais

  13. 11 Márta 2024
  14. 20 Feabhra 2024

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an gcéad scéim deimhniúcháin uile-Aontais le haghaidh aistrithe carbóin

  15. 20 Feabhra 2024

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil i dtaca le caighdeáin nua maidir le cáilíocht an aeir san Aontas

  16. 16 Feabhra 2024
  17. 6 Feabhra 2024

    Ghlac an Coimisiún Straitéis Bainistíochta Carbóin Thionsclaíoch an Aontais ina leagtar amach an chaoi chun CO2 a ghabháil, a stóráil agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe

  18. 6 Feabhra 2024

    Moladh curtha i láthair ag an gCoimisiún maidir le sprioc laghdaithe astaíochtaí 2040 chun an chonair i dtreo na haeráidneodrachta in 2050 a leagan amach

  19. 6 Feabhra 2024

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta

  20. 2 Feabhra 2024
  21. 29 Eanáir 2024
  22. 19 Nollaig 2023

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le gréasán tras-Eorpach iompair níos inbhuanaithe agus níos athléimní

  23. 14 Nollaig 2023

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an athchóiriú ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais

  24. 7 Nollaig 2023
  25. 5 Nollaig 2023

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le haicmiú a fheabhsú ar lipéadú agus pacáistiú ceimiceán guaiseach

  26. 2 Nollaig 2023

    COP28: Sheol Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an Gealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh Inathnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh

  27. 29 Samhain 2023

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le bainistiú astaíochtaí tionsclaíocha a nuachóiriú

  28. 22 Samhain 2023

    Mhol an Coimisiún dlí nua um fhaireachán ar fhoraoisí arb é is aidhm dó feabhas a chur ar athléimneacht fhoraoisí na hEorpa

  29. 24 Deireadh Fómhair 2023

    Chuir an Coimisiún i láthair an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe

  30. 9 Deireadh Fómhair 2023

    Anois gur glacadh an dá thogra dheireanacha, tá an pacáiste beart ‘Oiriúnach do 55’ tugtha i gcrích, pacáiste chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá spriocanna aeráide atá ceangailteach ó thaobh dlí ag an Aontas Eorpach anois, spriocanna a chumhdaíonn príomhearnálacha uile an gheilleagair

  31. 13 Iúil 2023

    Cuireadh i láthair tionscnamh chun ciorclaíocht na hearnála mótarfheithiclí a fheabhsú, lena gcumhdaítear dearadh, táirgeadh agus cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí

  32. 11 Iúil 2023

    Cuireadh i láthair bearta chun an t-iompar lastais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, trí fheabhas a chur ar bhainistiú bonneagair iarnróid, dreasachtaí níos láidre a chur ar fáil do leoraithe astaíochtaí ísle, agus eolas níos fearr a chur ar fáil maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar lastais

  33. 5 Iúil 2023

    Chuir an Coimisiún pacáiste beart i láthair maidir le húsáid inbhuanaithe príomhacmhainní nádúrtha, chun cabhrú le hathléimneacht na hithreach, chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht ár gcóras bia a mhéadú, chun ábhar atáirgthe plandaí agus foraoise a fheabhsú agus chun cur amú bia agus cur amú teicstíle a laghdú

  34. 16 Meitheamh 2023

    Togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Lipéadú Fuinnimh, chun cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha inbhuanaithe a dhéanamh agus iad ag ceannach gutháin phóca, gutháin gan sreang agus táibléid

  35. 26 Aibreán 2023

    Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le Togra ReFuelEU Aviation

  36. 25 Aibreán 2023

    ‘Oiriúnach do 55’: Príomhphíosaí reachtaíochta glactha ag an gComhairle maidir le le spriocanna aeráide 2030 a bhaint amach

  37. 25 Aibreán 2023

    Ardán Fuinnimh an Aontais: An chéad ghlao ar chuideachtaí chun gás a cheannach go comhpháirteach seolta ag an gCoimisiún

  38. 28 Márta 2023

    Comhaontaíodh dlí nua uaillmhianach maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla leordhóthanacha

  39. 23 Márta 2023

    Baineadh comhaontú amach maidir le hastaíochtaí ó mhuiriompar a laghdú trí bhreoslaí inbhuanaithe don loingseoireacht a chur chun cinn

  40. 22 Márta 2023

    Cosaint tomhaltóirí: roghanna inbhuanaithe a chumasú agus deireadh a chur le glas-snasú

  41. 22 Márta 2023
  42. 16 Márta 2023
  43. 16 Márta 2023
  44. 14 Márta 2023

    Mhol an Coimisiún athchóiriú ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais chun borradh a chur faoi fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, chun tomhaltóirí a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun feabhas a chur ar an iomaíochas tionsclaíoch

  45. 10 Márta 2023

    Chomhaontaigh an tAontas rialacha níos láidre chun dlús a chur le héifeachtúlacht fuinnimh 

  46. 21 Feabhra 2023

    Chuir an Coimisiún pacáiste beart i láthair chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus athléimneacht earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais.

  47. 14 Feabhra 2023

    Mhol an Coimisiún sprioc maidir le hastaíochtaí nialasacha faoi 2030 do bhusanna cathrach nua agus laghdú 90% ar astaíochtaí do thrucailí faoi 2040

  48. 13 Feabhra 2023
  49. 1 Feabhra 2023

    Chuir an Coimisiún i láthair Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais chun iomaíochas glan-nialasach na hEorpa a fheabhsú agus chun tacú leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht

  50. 24 Eanáir 2023

    Cuireadh i láthair ‘Beart Nua le haghaidh Pailneoirí’ chun dul i ngleic le meath scanrúil na bhfeithidí pailnithe fiáine san Eoraip

  51. 18 Nollaig 2022

    Chomhaontaigh an tAontas an trádáil astaíochtaí a neartú agus a leathnú, agus chruthaigh sé Ciste Aeráide Sóisialta chun cabhrú le daoine le linn an aistrithe

  52. 9 Nollaig 2022

    Rialacha nua maidir le cur i bhfeidhm chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí in earnáil na heitlíochta

  53. 6 Nollaig 2022

    Dlí chun an dífhoraoisiú domhanda agus díghrádú foraoisí a chomhrac comhaontaithe ag an Aontas, arb é táirgeadh agus tomhaltas an Aontais is cúis leo

  54. 27 Deireadh Fómhair 2022

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 níos déine do charranna nua agus do veaineanna nua

  55. 26 Deireadh Fómhair 2022
  56. 15 Meán Fómhair 2022

    Togra le haghaidh idirghabháil éigeandála sa mhargadh chun billí fuinnimh a laghdú do mhuintir na hEorpa

  57. 18 Bealtaine 2022

    Plean REPowerEU: fuinneamh inacmhainne slán inbhuanaithe don Eoraip

  58. 22 Aibreán 2022

    Ghlac an Coimisiún Eorpach ballraíocht sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach agus thug sé gealltanas a gcuid oibríochtaí a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2030

  59. 8 Márta 2022

    REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh a bheidh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe

  60. 18 Eanáir 2021
  61. 17 Meán Fómhair 2020

    Cuireadh an Plean um Sprioc Aeráide 2030 i láthair

  62. 8 Iúil 2020

    Glacadh straitéisí an Aontais um chomhtháthú córas fuinnimh agus um hidrigin chun an bealach a réiteach d’earnáil fuinnimh atá dícharbónaithe go hiomlán, níos éifeachtúla agus idirnasctha

  63. 20 Bealtaine 2020

    Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais 2030 curtha i láthair chun acmhainní laga an phláinéid a chosaint

    Cuireadh an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ i láthair chun na córais bhia a dhéanamh níos inbhuanaithe

  64. 11 Márta 2020

    Moladh Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus béim ann ar úsáid acmhainní inbhuanaithe

  65. 10 Márta 2020

    Glacadh an Straitéis Thionsclaíoch Eorpach, plean le haghaidh geilleagar atá oiriúnach don todhchaí

  66. 4 Márta 2020

    Togra le haghaidh dlí Eorpach maidir leis an aeráid lena chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050

    Comhairliúchán poiblí (ar oscailt go dtí an 17 Meitheamh 2020) ar an gComhshocrú Aeráide Eorpach, lena dtabharfar le chéile réigiúin, pobail áitiúla, an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus scoileanna

  67. 11 Nollaig 2019

    Cuireadh i láthair an Comhaontú Glas don Eoraip

Doiciméid

  • 15 EANÁIR 2020
Communication and roadmap on the European Green Deal