Soláthar inbhuanaithe amhábhar criticiúil Chun a chuspóirí aeráide agus digiteacha a bhaint amach, is iad na dúshláin atá romhainn amhábhair chriticiúla a fhoinsiú, a phróiseáil agus a athchúrsáil san Eoraip agus slabhraí soláthair a dhaingniú.Úsáidtear litiam, cóbalt agus nicil chun ceallraí a tháirgeadh; úsáidtear gailliam i ngrianphainéil; úsáidtear bórón amh i dteicneolaíochtaí gaoithe; úsáidtear tíotáiniam agus tungstan sna hearnálacha spáis agus cosanta.Leis an nGníomh Eorpach um Amhábhair, tá sé mar aidhm ag an Aontas soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a chinntiú do thionscal na hEorpa agus spleáchas an Aontais ar iompórtálacha ó sholáthraithe aonair tíre a laghdú go mór. Na hamhábhair a úsáidtear go coitianta GalliumGailliam, a úsáidtear i ngrianphainéilLithiumLitiam, a úsáidtear i gcadhnraíBoronBórón, a úsáidtear i dtuirbíní gaoitheTungstenTungstan, a úsáidtear sa tionscal aeraspáisDún Aidhmeanna an Ghnímh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla Is é an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla an bonn chun acmhainneachtaí an Aontais a fhorbairt agus athléimneacht a shlabhraí soláthair amhábhar criticiúil a neartú. Cuimsítear bearta ann chun:slabhraí soláthair intíre a threisiúrannpháirtíocht idirnáisiúnta a neartú chun comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe do chách a fhorbairt le tríú tíortha Príomhcholún an Ghnímh Tá sé mar aidhm ag an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla acmhainneachtaí amhábhar criticiúil an Aontais a neartú ag gach céim den slabhra luacha. Is é is aidhm dó freisin ár n-athléimneacht a mhéadú tríd na spleáchais a laghdú, tríd an ullmhacht a mhéadú agus trí inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht an tslabhra soláthair a chur chun cinn. Tá ceithre cholún leagtha amach ann chun é sin a bhaint amach. Tosaíochtaí soiléire a leagan síos le haghaidh gníomhaíochtaSainaithnítear sa Ghníomh liosta amhábhar criticiúil agus liosta amhábhar straitéiseach atá ríthábhachtach do theicneolaíochtaí don aistriú ghlas agus don aistriú digiteach, don chosaint agus don spás freisin. Leagtar síos leis freisin tagarmharcanna i ndáil le hacmhainneachtaí intíre ar feadh shlabhra soláthair na n-amhábhar straitéiseach atá le baint amach faoi 2030: 10% de riachtanais bhliantúla an Aontais i leith an eastósctha; 40% le haghaidh próiseála agus 25% le haghaidh athchúrsála. Níor cheart go dtiocfadh níos mó ná 65% de riachtanais bhliantúla an Aontais de gach amhábhar straitéiseach ag aon chéim ábhartha den phróiseáil ó aon tríú tír amháinAcmhainní na hEorpa a fhorbairtNí mór don Aontas slabhra luacha na n-amhábhar a neartú, idir mianadóireacht agus mínghlanadh, próiseáil agus athchúrsáil. Chuige sin, beidh gá le forbairt a dhéanamh ar thaiscéalaíocht náisiúnta, ar chur chuige níos cuíchóirithe agus níos intuartha maidir le nósanna imeachta ceadaithe, chomh maith le rochtain níos fearr ar mhaoiniú.Athléimneacht a fheabhsúDírítear leis an gcolún seo ar fheabhas a chur ar chumas an Aontais cur isteach ar an slabhra soláthair a sheasamh. Déanfaidh sé amhlaidh tríd an acmhainneacht faireacháin a mhéadú trí thástálacha struis, trí iarrachtaí comhordaithe a chinntiú chun stoc-chairn straitéiseacha a fhorbairt agus trí infheistíocht agus trádáil inbhuanaithe a chothú.Infheistíocht a dhéanamh sa taighde, sa nuálaíocht agus i scileannaDéanfaidh an tAontas beart chun glacadh agus cur in úsáid teicneolaíochtaí ceannródaíocha in amhábhair chriticiúla a chur chun cinn. Trí chomhpháirtíocht scileanna ar mhórscála a bhunú maidir le hamhábhair chriticiúla agus trí ‘Acadamh um Amhábhair’ a bhunú, cuirfear chun cinn scileanna atá ábhartha don lucht saothair i slabhraí soláthair amhábhar criticiúil.Geilleagar amhábhar criticiúil atá níos inbhuanaithe agus níos ciorclaí a chur chun cinnNí mór athchúrsáil amhábhar a chur chun cinn agus margadh tánaisteach láidir a chumasú. Bainfear é sin amach trí aisghabháil amhábhar criticiúil a spreagadh ó shaoráidí dramhaíola eastóscacha agus trí iarrachtaí a mhéadú chun drochthionchair a mhaolú i ndáil le cearta saothair, cearta an duine agus cosaint an chomhshaoil. Ní mór aitheantas a thabhairt freisin do scéimeanna deimhniúcháin chun inbhuanaitheacht amhábhar criticiúil ar mhargadh an Aontais a mhéadú. Amhábhair agus an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht idirnáisiúnta Tá an tAontas ag brath go mór ar amhábhair chriticiúla a iompórtáil ó thríú tíortha. Fágann ár spleáchas, mar aon leis an méadú atá ag teacht ar an éileamh domhanda mar gheall ar an aistriú i dtreo geilleagar digiteach glas, go bhfuil na slabhraí soláthair leochaileach. 63%de chóbalt an domhain, a úsáidtear i gceallraí, is i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó a bhaintear é97%de sholáthar maignéisiam an Aontais, is sa tSín a fhaightear é100%de na tearc-chréanna a úsáidtear le haghaidh maighnéid bhuana, is sa tSín a scagtar iad98%de sholáthar bóráite an Aontais, cuireann an Túirc ar fáil é Dá bhrí sin, tá an trádáil idirnáisiúnta fíor-riachtanach chun tacú leis an táirgeadh domhanda agus chun éagsúlú an tsoláthair a chinntiú. Féachfaidh an tAontas le comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe don dá pháirtí a chur ar bun i margaí agus i ngeilleagair i mbéal forbartha, go háirithe faoi chuimsiú na straitéise Global Gateway. Cuirfidh an tAontas dlús le gníomhaíochtaí trádála, trí Chlub Amhábhar Criticiúil a bhunú le haghaidh tíortha atá ar aon intinn leis an Aontas agus atá toilteanach slabhraí soláthair domhanda a neartú, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) a neartú, trí leathnú a dhéanamh ar a líonra de Chomhaontuithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú agus de Chomhaontuithe Saorthrádála agus trí chleachtais éagóracha trádála a chomhrac.Déanfaidh an tAontas tuilleadh forbartha ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus oibreoidh sé i gcomhar le comhpháirtithe iontaofa chun a bhforbairt eacnamaíoch a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe trí luachshlabhraí a chruthú ina dtír féin, agus cuirfidh sé chun cinn luachshlabhraí slána athléimneacha inacmhainne atá éagsúil go leor le haghaidh an Aontais. *cruthaíodh na deilbhíní ar an leathanach seo le stock.adobe.com Doiciméid 16 MÁRTA 2023European Critical Raw Materials Act 16 MÁRTA 2023Factsheet - European Critical Raw Materials Act 16 MÁRTA 2023Proposal for a Regulation of the European Critical Raw Materials Act Naisc ghaolmhara An Gníomh um Thionscal Glan-NialasachAmhábhair chriticiúla
Is é an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla an bonn chun acmhainneachtaí an Aontais a fhorbairt agus athléimneacht a shlabhraí soláthair amhábhar criticiúil a neartú. Cuimsítear bearta ann chun:slabhraí soláthair intíre a threisiúrannpháirtíocht idirnáisiúnta a neartú chun comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe do chách a fhorbairt le tríú tíortha