Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Cuspóirí an Chláir Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr A chinntiú go mbunaítear ceapadh beartais an Aontais ar fhianaise Dlíthe an Aontais a dhéanamh níos simplí agus níos fearr, agus ualaí nach bhfuil gá leo a sheachaint Idir saoránaigh, ghnólachtaí agus pháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún Is ar an gCoimisiún Eorpach atá sé de chúram dlíthe agus beartais nua an Aontais a bheartú, a ullmhú agus a mholadh. Is é Clár Oibre an Choimisiúin is bonn faoin obair sin. Agus dlíthe á moladh ag an gCoimisiún, tá measúnú á dhéanamh aige ar na tionchair shuntasacha a mheastar a bheidh acu, mar atá tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha i measc rudaí eile. Is gné thábhachtach í an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach chun beartais a sheasfaidh an aimsir a chruthú i ngach earnáil. Rud eile a bhfuil an Coimisiún freagrach as ná dlíthe an Aontais a mheas agus feabhsuithe a mholadh nuair is gá sna hathbhreithnithe beartais. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh monatóireacht ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na dtionscnamh arna nglacadh sna Ballstáit. Cinntítear cinnteoireacht thrédhearcach éifeachtúil le rialáil níos fearr. Ó bhí 2021 ann, tá an méid seo a leanas san áireamh i bpríomhphointí an chláir oibre athbhreithnithe maidir le rialáil níos fearr: Comhairliúcháin phoiblí a fheabhsú trí aon ‘Ghlao ar Fhianaise’ amháin a thabhairt isteach, arna aistriú go dtí na teangacha uile, maidir leis an tairseach athchóirithe ‘Cloisimis Uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’ Is éard a dhéantar an t-aiseolas ar threochláir agus ar mheasúnuithe ar thionchar tionscanta a chomhcheangal le ceistneoir na gcomhairliúchán poiblí mar aon rud amháin.Iarrachtaí an Choimisiúin a neartú chun rialacha an Aontais a shimpliú agus ualaí nach bhfuil gá leo a laghdú, agus tairbhí na reachtaíochta a bhaint amach ag an am céanna (clár REFIT), agus an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a thabhairt isteach. Fágann an prionsabal sin go ndéanfar ualaí nua a fhritháireamh trí ualaí coibhéiseacha a chur ar ceal sa réimse beartais céanna. Rinne an Coimisiún treoirthionscadal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ sa dara leath den bhliain 2021, agus deich dtogra reachtacha ann a chumhdaigh raon leathan réimsí beartais, rud ag a raibh tionchar ar earnálacha agus ar pháirtithe leasmhara éagsúla, chun an cur chuige, a mhodheolaíocht agus na ríomhanna gaolmhara a thástáil. Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón treoirthionscadal, tá an prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ á chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún anois, ag tosú le clár oibre 2022 an Choimisiúin. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún freisin na ceanglais maidir le tuairisciú a réasúnú d’fhonn iad a laghdú 25%.Deireadh a chur le bacainní agus rómhaorlathas a chuireann moill ar infheistíochtaí, ag príomhpháirtithe leasmhara sa sainghrúpa ardleibhéil ‘Réidh don Todhchaí’.Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a phríomhshruthú ionas go rannchuideoidh gach togra reachtach le clár oibre 2030 san fhorbairt inbhuanaithe.Feabhas a chur ar an dóigh a dtugann Rialáil Níos Fearr aghaidh ar spriocanna inbhuanaitheachta, ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ go háirithe, agus ar an aistriú digiteach.An fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a chomhtháthú sa cheapadh beartas lena chinntiú gur rud é a bheidh oiriúnach don todhchaí, agus sin a dhéanamh trí na meigithreochtaí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, sna comhthéacsanna glasa, digiteacha, geopholaitiúla agus socheacnamaíocha. Aithníonn ECFE cleachtais an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr go hidirnáisiúnta, agus measann comhaltaí ECFE gur cleachtais fhorbartha iad. Tuilleadh eolais faoi thimthriall ceaptha beartas agus reachtóireachta an Aontais Eorpaigh. Cloisimis uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas – comhroinn do thuairimí agus do smaointe Ó bhí 2015 ann, tá fianaise agus aiseolas á lorg ag an gCoimisiún ó shaoránaigh, ó ghnólachtaí agus ó pháirtithe leasmhara ag gach céim den phróiseas reachtaíochta agus den phróiseas ceaptha beartas. Féadfaidh tú do thuairimí agus do smaointe maidir le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin thar gach réimse beartas a chomhroinnt ar an tairseach ‘Cloisimis Uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’. D’fhéadfá d’ainm a chur síos le fógraí a fháil faoi fhorbairtí nua de réir mar atá tionscnaimh ag teacht chun cinn, agus d’fhéadfá sin a dhéanamh tar éis ghlacadh na reachtaíochta. An tairseach ‘Cloisimis uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’ Do chomaoin féin ní beag é dá laghad é Déanann tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara an-difear do bheartais an Aontais Eorpaigh. Threoraigh siad agus d’fheabhsaigh siad obair an Choimisiúin i gcás roinnt tionscnaimh thábhachtacha, cuir i gcás an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Comhbheartas Talmhaíochta agus na Treoirlínte maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh atá againn. Féach leat an dóigh ar chuidigh an próiseas comhairliúcháin le múnlú na reachtaíochta. Dlíthe an Aontais a shimpliú Tá an Coimisiún ag measúnú fheidhmíocht na ndlíthe atá ann faoi láthair, agus déanann sé athruithe orthu de réir mar is gá ionas go mbeidh siad in oiriúint. Is chun dlí an Aontais a dhéanamh níos simplí agus chun gearradh siar ar chostais rialála nach bhfuil gá leo a bunaíodh an Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) in 2012, agus a gcuspóirí á mbaint amach ag an am céanna. Déantar breithniú i gcónaí ar an bhféidearthacht simpliú agus laghdú ualaigh a dhéanamh agus meastóireacht agus athbhreithniú á ndéanamh ar an reachtaíocht. Tá gach athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais san áireamh faoi REFIT darb aidhm an t-ualach a laghdú agus a shimpliú. Is in 2020 a bunaíodh an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’, rud a cuireadh in ionad ardán REFIT. Is sainghrúpa ardleibhéil é ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit, ó Choiste na Réigiún, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó pháirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht don tsochaí shibhialta, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Oibríonn an tArdán freisin le Líonra Toscairí FBManna agus le RegHub. Eisíonn an tArdán tuairimí chuig an gCoimisiún agus moltaí nithiúla maidir le deiseanna le haghaidh simpliú, laghdú ualaigh agus nuachóiriú dhlíthe an Aontais atá ann cheana. Is féidir le duine ar bith moltaí a dhéanamh chun dlíthe an Aontais atá ann cheana a shimpliú tríd an tairseach ‘Cloisimis Uait’: Simplímis iad!. Úsáidtear meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta lena mheas an bhfuil dlíthe, beartais agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais ag soláthar na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo ar an gcostas is ísle. Cuireann an Coimisiún forbhreathnú i láthair gach bliain sa Suirbhé Bliantúil Ualaigh, forbhreathnú ar a bhfuil déanta aige maidir le simpliú agus maidir leis an ualach a laghdú. Déanann sé monatóireacht rialta freisin ar an dóigh a meastar deiseanna simpliúcháin agus laghdaithe ualaigh le linn an timthrialla ceaptha beartais i scórchlár REFIT. Cáilíocht a chinntiú Cuideoidh na treoirlínte agus an bosca uirlisí maidir le Rialáil Níos Fearr chun treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus tionscnaimh agus tograí nua á n-ullmhú, agus nuair a bheidh an reachtaíocht atá ann cheana á bainistiú agus á measúnú. In 2015, chuir an Coimisiún an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála ar bun, comhlacht neamhspleách ina bhfuil oifigigh an Choimisiúin agus saineolaithe ó lasmuigh den Choimisiún. Déanann an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar mheasúnuithe tionchair agus ar mheasúnuithe roghnaithe. Foilsíonn an Bord tuarascálacha bliantúla a chuireann i láthair an méid atá déanta aige lena mhisean a chur i gcrích. Coimhdeacht agus comhréireacht a neartú Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, sin péire de bhunchlocha chonarthaí an Aontais Eorpaigh, agus cuirtear i bhfeidhm iad go córasach maidir le tograí reachtacha an Choimisiúin. De réir phrionsabal na coimhdeachta, is d’aidhm an Choimisiúin gan beart a dhéanamh ach nuair is gá sin, agus i gcás ina mbeidh leas soiléir le baint as na bearta sin, ní hionann agus bearta eile a dhéanfaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Seachas i gcásanna ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, níor cheart beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin nuair a bheadh sé ní b’éifeachtaí ná beart a dhéanfaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Déantar eangach choimhdeachta a cheangal le gach tionscnamh atá íogair agus tábhachtach go polaitiúil lena ngabhann measúnú ar thionchar. Is éard is fócas don chomhréireacht an tionchar airgeadais agus riaracháin a bheadh ag reachtaíocht atá beartaithe lena chinntiú nach rachaidh gníomhaíochtaí rialála thar gach is gá chun na cuspóirí reachtacha agus beartais a thabhairt i gcrích. Is gá aon tionchar den sórt sin a laghdú a oiread is féidir agus é a bheith i gcomhréir le cuspóirí an bheartais. I gcás an Choimisiúin, ciallaíonn sin nach mór dúinn na beartais uaillmhianacha atá againn a chur i gcrích ar an dóigh is simplí agus is saoire is féidir, agus an rómhaorlathas neamhriachtanach a sheachaint. Institiúidí an Aontais Eorpaigh ag obair i dteannta a chéile Feabhas a chur ar reachtóireacht an Aontais Eorpaigh, is cuspóir comhpháirteach atá ansin, agus is freagracht é atá ar institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit araon. Is é an bealach is fearr chun feabhas a chur ar reachtóireacht an Aontais Eorpaigh agus torthaí níos fearr a bhaint amach ná Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach a chur ag obair i dteannta a chéile ar bhealach níos dlúithe sna blianta atá romhainn. Ó tharla na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn ar shlí an téarnaimh inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí an reachtaíocht a achtú a éifeachtúla is féidir agus súil againn ar an todhchaí. Dlíthe an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, sin tosaíocht do Choimisiún von der Leyen. Ní féidir leis an gCoimisiún ach na costais agus na coigiltis a bhaineann lena chuid tograí reachtacha féin a chinneadh. Athruithe a dhéantar le linn na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, tharlódh dóibh athrú suntasach a chur ar na tionchair a imrítear ar dhaoine agus ar ghnólachtaí. Mar sin ba dhíol sásaimh don Choimisiún athsheoladh an idirphlé pholaitiúil chun smaointe a phlé ionas go bhféadfadh na páirtithe uile a gcuid gealltanas a chomhlíonadh faoin gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr De réir a chéile, socróidh an Coimisiún rochtain phoiblí ar bhunachair sonraí agus ar stórtha inmheánacha, i gcomhréir leis an mbeartas trédhearcachta sonraí atá againn. Déanfaimid teagmháil le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun clár coiteann fianaise a bhunú, is é sin an Tairseach Reachtach Chomhpháirteach, tairseach a chuirfidh ar a chumas dóibh siúd ar spéis leo ceapadh beartas an Aontais teacht ar an bhfianaise ar fad go héasca, an fhianaise is bonn faoi thionscnamh ar leith. Comhar rialála idirnáisiúnta Is ar rialacha a comhaontaíodh go coiteann atá an tAontas Eorpach bunaithe. Ionas go n-oibreoidh na rialacha sin, ní mór do na Ballstáit iad a chur chun feidhme go hiomlán agus iad a fhorfheidhmiú de réir mar is tráthúil. Ní mór dóibh a chinntiú ansin go ndéanfar na rialacha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gceart, mar is rud é an neamh-fhorfheidhmiú a chuireann costais ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí. Dlíthe an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, sin tosaíocht do Choimisiún von der Leyen. Faoi mar a fógraíodh sna treoirlínte polaitiúla ón Uachtarán von der Leyen, leanfaidh an Coimisiún de threoraíocht agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag féachaint le treoracha a thrasuí, rialacháin a chur chun feidhme, agus rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm mar is cuí. Tá seiceálacha comhlíontachta ann le fíorú a dhéanamh ar an gcaoi a n-aistríonn na Ballstáit reachtaíocht an Aontais ina reachtaíocht náisiúnta. Chun idirphlé éifeachtach a chinntiú i gcéim an trasuímh, táimid ag brath ar na Ballstáit faisnéis atá cruinn soiléir a fháil faoin reachtaíocht náisiúnta. Tá sé de rún ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a chuid gníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmithe, lena chinntiú go mbeidh siad oiriúnach i gcónaí ionas go n-oibreoidh dlí an Aontais go praiticiúil. Doiciméid Rialáil Níos Fearr 2021: Oibriú i gcomhar le chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh An 13ú Comhdháil ECFE maidir le Feidhmíocht Rialála a thomhas Tuarascáil ECFE (2022) maidir le Cleachtais um Rialáil Níos Fearr ar fud an Aontais Eorpaigh Rialáil Níos Fearr: measúnú a dhéanamh agus ár dtiomantas a chothabháil Clár Oibre 2017 maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i gcrích Rialáil Níos Fearr: torthaí níos fearr a bhaint amach le haghaidh Aontas níos láidre Rialáil Níos Fearr le haghaidh torthaí níos fearr – clár oibre de chuid an Aontais Teachtaireacht REFIT Na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr agus an bosca uirlisí a ghabhann leo Cinneadh lena mbunaítear an tArdán Réidh don Todhchaí Teachtaireacht – Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta: An ról atá acu i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais a neartú An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr Naisc ghaolmhara An tairseach ‘Cloisimis uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’ An tairseach ‘Cloisimis Uait: Simplímis iad!’ Ceisteanna agus freagraí maidir leis na feabhsuithe ar Rialáil Níos Fearr atá ag teacht aníos An Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) An tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála Suirbhé Bliantúil Ualaigh 2019, 2020 agus 2021 An Tascfhórsa um choimhdeacht, comhréireacht agus ‘níos lú a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla’ An próiseas reachtóireachta san Aontas Eorpach An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa Plean téarnaimh na hEorpa agus NextGenerationEU An nuacht is déanaí Preaseisiúint maidir le Rialáil Níos Fearr – Obair as lámha a chéile chun dlíthe an Aontais a fheabhsú agus chun ullmhú don todhchaí Preaseisiúint: Rialáil Níos Fearr – an bealach chun cinn á leagan amach ag an gCoimisiún chun an choimhdeacht agus an chomhréireacht a neartú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais Eorpaigh Preaseisiúint: Tuilleadh trédhearcachta i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais - clár nua na ngníomhartha tarmligthe Preaseisiúint: Rialáil Níos Fearr – Suirbhé Bliantúil Ualaí 2020 foilsithe ag an gCoimisiún