Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin EorpaighIs sa Bhruiséil atá Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh lonnaithe agus tugann sé léargas don phobal ar conas a oibríonn an Coimisiún Eorpach agus cé na polasaithe agus na tosaíochtaí atá aige. Eolas faoin Ionad CuairteoiríEagraíonn Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil cláir chuairte do ghrúpaí ó Bhallstáit uile an Aontais agus ar fud an domhain. I measc na gcuairteoirí, bíonn ionadaithe gnó, rialtas áitiúil, iriseoirí, polaiteoirí agus mic léinn. Is féidir le grúpaí atá ar cuairt eolas a chur ar ról an Choimisiúin agus cloisteáil faoi na príomhbheartais ó fhoireann an Choimisiúin.Tabhair do d’aire nach n-eagraíonn an tIonad Cuairteoirí turais threoraithe ar áitribh an Choimisiúin, ná cuairteanna do dhaoine aonair. Tugtar cuireadh do chuairteoirí aonair cuairt a thabhairt ar Experience Europe.Cuairteanna grúpaíCineálacha cuairte: Tá cuairteanna ginearálta, cuairteanna ina ndírítear ar eolas sonrach agus cuairteanna saincheaptha ar fáil. Tá sonraí agus eolas faoi conas iarratas a dhéanamh le fáil thíos.Méid an ghrúpa: 15 - 100 duine (cuairt fhisiciúil). 10 nduine ar a laghad (cuairt fhíorúil). Ní féidir cuairteanna daoine aonair a dhéanamh.Cuairt a chur in áirithe roimh ré: Ar a laghad 10 seachtaine roimh ré (i gcás cuairt fhisiciúil) agus 7 seachtaine roimh ré (i gcás cuairt fhíorúil)Tráthanna cuairte: Is féidir cuairt ghrúpa a dhéanamh Luan go hAoine. Bíonn an tIonad Cuairteoirí dúnta ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí na Beilge, agus ar laethanta saoire áirithe a bhíonn ag institiúidí an Aontais.Dearbhú: Ba cheart go bhfaighfeá dearbhú faoi cheann 2 sheachtain ón uair a dhéanfá iarratas, maille le sonraí teagmhála an duine a bheadh ag plé le do chuairt. Mura bhfaighidh tú faoin am sin é, seol ríomhphost chuig COMM-VISIT-REQUESTSec [dot] europa [dot] eu (COMM-VISIT-REQUESTS[at]ec[dot]europa[dot]eu).Costas: Saor in aisceAois íosta na gcuairteoirí: 15 bliana d’aoisTeanga: Teangacha oifigiúla uile an Aontais – cuir do rogha in iúl dúinn san iarratas.Cruthú céannachta: Ní mór duit pas nó cárta aitheantais náisiúnta a thaispeáint chun dul isteach san fhoirgneamh (ní ghlacfar le ceadúnas tiomána).Cuairt a chur ar ceal: Tabhair fógra dúinn 2 sheachtain roimh ré ar a laghad. Seol an teachtaireacht chuig COMM-VISIT-REQUESTSec [dot] europa [dot] eu (COMM-VISIT-REQUESTS[at]ec[dot]europa[dot]eu), agus luaigh uimhir na cuairte sa ríomhphost.D’fhéadfadh sé go gcuirfí an chuairt ar ceal má thagann an grúpa mall. Féadfaidh grúpaí cuairt a thabhairt ar Experience Europe mar chuid dá dturas chuig an mBruiséil. Is é Experience Europe ionad taispeántais an Choimisiúin Eorpaigh. Cuireann Experience Europe fáilte roimh chách chuig timpeallacht idirghníomhach, cuairteoirí aonair san áireamh. Tá sé lonnaithe ar thimpeallán Schuman agus níl sé ach siúlóid 300m ón Ionad Cuairteoirí. Cuir san áireamh é mar chuid de do chuairt ar cheanncheathrú an Aontais Eorpaigh!Cuairt a iarraidhIs féidir cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh sa Bhruiséil nó clárú le haghaidh cuairt fhíorúil, sin nó meascán den dá ní a dhéanamh.Tá 3 chineál éagsúla cuairteanna grúpaí ann.Nuair a dhéanfaidh tú iarratas ar cheann de na trí chineál cuairteanna grúpa, iarrfar ort cuntas ‘EU Login’ a chruthú nó, má tá ceann agat cheana, logáil isteach ann.Taispeánfar ráiteas príobháideachais ag deireadh an phróisis bailíochtaithe ina míneofar conas a phróiseálfar do shonraí pearsanta.1 Cuairt ghinearálta – 90 nóiméadCur i láthair ar an ról atá ag an gCoimisiún Eorpach san Aontas agus seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sin.Dírithe ar dhaoine ar beag an cur amach atá acu ar an Aontas Eorpach, daltaí meánscoile, mar shampla.Déan iarratas anseo2 Cuairteanna saineolais – 2½ uair an chloigRéamheolas faoi ról an Choimisiúin Eorpaigh san Aontas agus cur i láthair faoi bheartas sonrach de chuid an Aontais a bhfuil spéis ar leith ag an ngrúpa ann.Dírithe ar mhic léinn fochéime agus ar ghrúpaí sainleasa.Déan iarratas anseo 3 Cuairt shaincheaptha – suas le lá iomlánClár atá curtha in oiriúint go speisialta do leasanna an ghrúpa agus ina dtugtar réamheolas faoi ról an Choimisiúin Eorpaigh san Aontas agus 4 chur i láthair faoi bheartais shonracha de chuid an Aontais. Is oifigigh de chuid an Choimisiúin a bhíonn ag obair sna réimsí beartais sin a thugann an cur i láthair.Dírithe ar iriseoirí, parlaimintí agus rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, cumainn ghnó, daoine gairmiúla san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, ceardchumainn agus an lucht acadúil, mic léinn iarchéime agus taighde ina measc.Ní chuirtear ach clár leathlae ar fáil do mhic léinn iarchéime agus do mhic léinn taighde.Déan iarratas anseo Gailearaí Grianghraf European Commission Visitors' CentreEuropean Commission Visitors' CentreVisit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)Visit of LISD Student Associates - Princeton University, to the European Commission (17-18.10.2022)visitors_centre_entrance.jpgvisitors_centre_entrance.jpgvisitors_centre_timeline.jpgvisitors_centre_timeline.jpgEuropean Commission Visitors' Centre - Meeting roomEuropean Commission Visitors' Centre - Meeting roomDún An suíomh agus conas teacht air SeoladhIonad Cuairteoirí an Choimisiúin EorpaighFoirgneamh CharlemagneRue de la Loi 1701040 An Bhruiséilan Bheilg Is ar shuíomhanna eile a thugtar cuairt uaireanta. Seiceáil an áit atá luaite ar an dearbhú.An bealach isteachAr chúinne Rue de la Loi agus Rue du Taciturne.Iompar poiblíMolaimid go mór duit iompar poiblí a úsáid chun teacht chuig an Ionad Cuairteoirí. Is é stad ‘Schuman’ an stad is gaire agus is féidir dul ann ar an meitreo, ar an mbus agus ar an traein. Agus tú ag dul amach as an stáisiún, lean na comharthaí don bhealach amach 'Berlaymont'.Tá áiteanna páirceála ar leith do bhusanna ar fáil ar Rue du Taciturne (ar thaobh na láimhe deise agus tú ag dul isteach ann ó Rue de la Loi).Páirceáil rothar gar don Ionad CuairteoiríLe haghaidh cuairteoirí a thagann ar rothar, tá roinnt roghanna páirceála áisiúla timpeall thimpeallán Schuman agus gar do stáisiún meitreo Schuman. Tá racaí rothar ar fáil freisin feadh Rue de la Loi/Wetstraat agus Boulevard Charlemagne/Karel de Grotelaan.Seiceálacha slándálaChun dul isteach san Ionad Cuairteoirí, ní mór duit pas nó cárta aitheantais náisiúnta a thaispeáint (ní ghlacfar le ceadúnas tiomána). Ní mór duit dul trí bhrathadóir miotail freisin (ar nós na gceann a bhíonn sna haerfoirt) agus cuirfear aon ghiuirléidí atá leat trí mheaisín x-ghathanna.InrochtaineachtIs féidir an tIonad Cuairteoirí a rochtain i gcathaoir rothaí. Inis dúinn ar an bhfoirm iarratais conas is féidir linn cabhrú leat.SaoráidíTá Wi-Fi ar fáil laistigh den Ionad Cuairteoirí. Teagmháil RíomhphostCOMM-VISIT-REQUESTSec [dot] europa [dot] eu (COMM-VISIT-REQUESTS[at]ec[dot]europa[dot]eu) Cuairt a thabhairt ar institiúidí eile Doiciméid 16 MEÁN FÓMHAIR 2024Data protection notice for visitors to the European CommissionTeangacha eile (3)Deutsch(238.43 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(245.28 KB - PDF)ÍoslódáilNederlands(234.58 KB - PDF)Íoslódáil